Scéim Dámhachtana Tionscadail Cultúrtha & Cruthaitheachta Dhún na nGall 2024
Treoirlínte
Cuireann Scéim Dámhachtana Tionscadail Cultúrtha & Cruthaitheachta Dhún na nGall 2024
an comhoibriú chun cinn agus cothaíonn sí an chruthaitheacht mar atá beartaithe i gclár Éire Ildánach.
Is clár cultúrtha é Éire Ildánach a bunaíodh chun folláine an duine aonair, an phobail agus na tíre a chur chun cinn. Tá Údaráis Áitiúla ar fud na tíre, Comhairle Contae Dhún na nGall san áireamh, ag obair i bpáirt le hÉire Ildánach chun Colún 2 den chlár Éire Ildánach a sheachadadh agus a bhfuil sé mar aidhm ‘An Chruthaitheacht a Chumasú i nGach Pobal’.
Is é an sainmhíniú a thugtar ar chultúr in Éire Ildánach ná “Na luachanna comhroinnte, na pátrúin iompair, na nósanna agus na cineálacha léirithe ar saintréithe iad de chuid grúpaí éagsúla agus de phobail éagsúla ag aon am ar leith".
Spreagann Scéim Dámhachtana Tionscadal Cultúrtha & Cruthaitheachta Dhún na nGall 2024 an comhoibriú agus an comhpháirtíocht idir pobail agus speisialtóirí oidhreachta, ealaíontóirí, gairmithe cultúir agus/nó na tionscail chruthaitheacha chun gné den chultúr ábhartha nó neamhábhartha a chosaint, a chaomhnú, taighde a dhéanamh air, a chleachtadh, a léiriú, a theagasc, dul i ngleic leis, a fheabhsú, a chur chun cinn nó aghaidh a thabhairt air ar bhealach úrnua, samhlaíoch nó cruthaitheach. Tugann Scéim Dámhachtana Tionscadal aghaidh ar an Straitéis um Chultúr & Cruthaitheacht do Chontae Dhún na nGall chun “deiseanna/cláir nua mhaoinithe a chruthú atá dírithe ar ghuthanna atá ann cheana agus atá ag teacht chun cinn sa chultúr agus sa chruthaitheacht a aimsiú agus tacú leo” (Tosaíocht Straitéiseach3, Straitéis um Chultúr & Cruthaitheacht do Chontae Dhún na nGall 2023 - 2027). Tá suas le 25 dámhachtain tionscadail de €2,000 ar fáil agus cuirtear an maoiniú seo ar fáil trí chlár Éire Ildánach atá tacaithe ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Comhairle Contae Dhún na nGall.
Fáiltíonn Comhairle Contae Dhún na nGall roimh iarratais chuig Scéim Dámhachtana Tionscadail Cultúrtha & Cruthaitheachta Dhún na nGall ó gach iarratasóir beag beann ar inscne, claonadh gnéasach, aois, eitneachas, ballraíocht den Lucht Siúil, míchumas, creideamh, stádas teaghlaigh nó cúlra socheacnamaíoch agus tá Comhairle Contae Dhún na nGall tiomanta do comhdheiseanna do gach iarratasóir. Tá fonn ar an Chomhairle go léireoidh iarratais chuig Scéim Dámhachtana Tionscadail Cultúrtha & Cruthaitheachta Dhún na nGall éagsúlacht na bpobal i nDún na nGall.
Critéir Mheasúnachta:
Déanfar tionscadail a mheasúnú de réir mar atá siad in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Cur síos ar an Tionscadal:lena n-áirítear aidhmeanna agus cuspóirí, aschuir ionchais tionscadail agus an chaoi a dtugann do thionscadal aghaidh ar ghné de chultúr, oidhreacht nó ealaíona ar bhealach samhlaíoch, nuálach nó cruthaitheach (40%);
- Pobal & Rannpháirtíocht: lena n-áirítear an chaoi a spreagann do thionscadal rannpháirtíocht agus a oibríonn le gairmithe cultúir, speisialtóirí oidhreachta, daoine cruthaitheacha agus / nó pobail áitiúla (30%);
- Seachadadh Bainistíochta Tionscadail: lena n-áirítear cumas bainistíochta a thaispeáint, imlíne ar an gcaoi a ndéanfar an tionscadal a sheachadadh agus fráma ama praiticiúil (20%);
- Luach ar Airgead: lena n-áirítear imlíne ar bhuiséad tionscadail, infheistíocht i maoiniú eile, do chuid acmhainní féin agus / nó ranníocaíochtaí comhchineáil (10%).
Chun a thuilleadh eolais a fháil:
Ní mór iarratais a chur isteach Dé Luain 25ú Márta 2024 ar 12 Meánlae
Ní féidir glacadh le tionscadail i ndiaidh an dáta sin.
Ní mór an tionscadal a chur i gcrích agus an maoiniú a tharraingt anuas faoin Aoine,
20ú Meán Fómhair 2024 ar 12 Meánlae.