Bí i dteagmháil lena chéile – 6 Chiorcal Comhrá atá á reachtáil ar líne
Tuigimid ar fad an tábhacht a bhaineann le teagmháil a choinneáil le daoine sa lá atá inniu ann.
Seo roinnt Ciorcal Comhrá atá ag féidhmiú ar líne. Tá liosta iomlán le feiceáil anseo.
Caint & Comhrá- Leitir Ceanainn
Tá Caint agus Comhrá Leitir Ceanainn ag bailiú le chéile gach Luan & Aoine, ag 12.00 agus 10.30 do thosaitheoirí.
Club Leabhar Chlub CnaG – Bhaile Átha Cliath
Beidh #Dílis le @RealtanNiL á phlé againn ar Zoom ar an 19.00 ar an 28 Aibreán, agus tá fáilte roimh léitheoirí ó fud fad na tíre!
Tuilleadh eolais: ID: 611-031-148, Pasfhocal: 456079
Gaeilge Anseo – Dún Garbháin
Beidh an ghrúpa Gaeilge Anseo ag teacht le chéile ar WhatsApp seachas go poiblí gach Máirt, ag 19.00.
Tuilleadh eolais: Má tá spéis ag aon duine a bheith páirteach sa ghrúpa WhatsApp, seol do uimhir gutháin go cabrini01@gmail.com.
Sos Lóin – Corcaigh
Beidh Sos Lóin ag bailiú le chéile thar Zoom gach Máirt, ag 12.30.
Tuilleadh eolais: sosloin.ie
Lets Learn Irish (Washington DC)
Beidh Lets Learn Irish á reáchtáil ar líne gach Máirt ag 18.00 EST(22.00 GMT) agus gach Aoine, ag 18.00 EST(22.00 GMT).
Cláraigh anseo: letslearnirish.com/comhra/
Ciorcal Comhrá – Leabharlann Inis Ceithleann
Ta Ciorcal Comhrá Leabharlann Inis Ceithleann ar siúl gach Luan, ag 10.30 (Facebook Messenger) agus Gach Céadaoin ag 11.30 (FB Messenger).