Cúrsaí Gaeilge

Cúrsaí Gaeilge

Tá réimse leathan céimeanna, clár fochéime agus cúrsaí gearra ar fáil againn

Liosta na gCúrsaí

Taobh Amuigh den Léachtlann

Taobh Amuigh den Léachtlann

Is iomaí bealach gur féidir leat an Ghaeilge a úsáid go sóisialta timpeall an champais

Bí ag Caint

Straitéis don Ghaeilge

Tá céad Stráitéis na Gaeilge seolta ag Ollscoil na Gaillimhe.

Léigh Stráitéis na Gaeilge 2021-25 anseo.

 

Gaeilge agus na Meáin Chumarsáide

Is gné thábhachtach de bheocht na Gaeilge iad na meáin chumarsáide, agus tá roinnt mhaith dár gcuid clár dírithe ar scileanna cumarsáide, físe agus ilmheán ár mac léinn a fhorbairt. Tá ceangal láidir ag an Ollscoil leis na meáin Ghaeilge - idir theilifís agus raidió - agus le léiritheoirí neamhspleácha an cheantair. Léigh thíos faoi chuid de na tograí atá ar bun againn:

TG4

TG4 Foghlaim: Is acmhainn nua oideachais é seo atá curtha in oiriúint d'fhoghlaimeoirí lena gcuid scileanna teanga a fhorbairt. Is comhthionscnamh le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge é.
Fios Físe: Tionscadal é Fios Físe atá bunaithe ag an Ollscoil le tomhais a dhéanamh ar an tóir agus ar an éileamh atá ag pobal labhartha na Gaeilge ar TG4.

RTÉ

Cartlann Raidió na Gaeltachta: Tá foireann taighde i gCarna ag digitiú chartlann RnaG ionas go mbeidh na cláir ar fad caomhnaithe agus ar fáil don phobal.
Daltaí Idirbhliana: Tá pairtnéireacht ar bun idir RTÉ agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a thugann deis do dhaltaí idirbhliana oiliúint a fháil i léiriú míreanna raidió agus teilifíse.

Aistriúchán agus Ateangaireacht

Tá éileamh mór ar aistritheoirí agus ateangairí sa lá atá inniu ann - sa tionscal foilsitheoireachta, sa riarachán poiblí, in institiúidí Stáit agus san Aontas Eorpach.

Cuireann Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge réimse leathan cúrsaí ar fáil - idir chláir Dhioplóma, Fhochéime agus Iarchéime - chun freastal ar an éileamh seo.

An raibh a fhios agat gur linne an t-aon chúrsa traenála d'ateangairí in Éirinn agus an t-aon chúrsa d'ateangairí le Gaeilge ar domhan?

Sa phictiúr seo, feicfidh tú Ard-Stiúrthóir na hAteangaireachta sa Choimisiún Eorpach, Florkia Fink-Hooijer, agus a fhoireann ar cuairt chuig an Ollscoil chun casadh le comhaltaí foirne agus mic léinn anseo.

Oideachas Gaeilge

Is ar scoil a fhaigheann cuid mhór páistí an chéad bhlaiseadh den Ghaeilge. Tá borradh mór tagtha ar thumoideachas sa Ghaeilge le blianta beaga anuas: meastar go bhfuil breis is 40,000 dalta ag freastal ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus breis is 10,000 dalta ag freastal ar iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge anois.

Chun freastal ar na scoileanna seo, teastaíonn múinteoirí den scoth, acmhainní teagaisc comhaimseartha agus curaclaim atá cothrom le dáta agus a bhaineann úsáid as dea-chleachtais idirnáisiúnta.

Cuireann Scoil an Oideachais Máistir Gairmiúil san Oideachas (MGO) ar fáil do dhaoine a bhfuil suim acu dul i mbun teagaisc trí mheán na Gaeilge. Tá dea-cháil ar an gclár seo ó thaobh an teicneolaíocht faisnéise is déanaí a úsáid sa rang scoile. Ba é an chéad chlár ardoideachais lasmuigh de Mheiriceá a bhfuil an Gradam Apple do Chlár Iomráiteach buaite aige, gradam atá bronnta ar an gclár faoi dhó anois.

Ionaid Ghaeltachta

Is í Ollscoil na Gaillimhe an t-aon ollscoil a bhfuil ionad teagaisc agus taighde lonnaithe sa Ghaeltacht aige. Cuireann Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge cláir ar fáil sna hionaid seo a fhreastalaíonn ar an bpobal áitiúil Gaeltachta, chomh maith le pobail eile Ghaeilge in Éirinn agus ar fud an domhain.

Tá na hionaid Ghaeltachta seo suite:

  • ar an gCeathrú Rua

  • i gCarna

  • agus i nGaoth Dobhair

Tá siad lárnach maidir le foirmiú teangeolaíoch ardchaighdeáin a thairiscint, chomh maith le taithí foghlama uathúil.  

Leanfaimid orainn ag cur cláir chreidiúnaithe thumoideachais ar fáil sna hionaid seo do mhic léinn ó Ollscoil na Gaillimhe agus as institiúidí ardoideachais eile in Éirinn agus thar lear.

An Ghaeilge ar an gCampas

Is é Áras na Gaeilge croílár phobal Gaeilge na hOllscoile, agus is ann a bhíonn an chuid is mó d'imeachtaí Gaeilge ar siúl. Tá caifé suite ar chúl an fhoirgnimh, agus bíonn ceol agus ócáidí soisialta ar siúl ann go minic.

Bíonn deis ag gach mac léinn agus comhalta foirne Dioplóma sa Ghaeilge a bhaint amach agus iad ag freastal ar an Ollscoil. Chomh maith leis sin, reáchtálfar Ranganna Comhrá don fhoireann ar leibhéal éagsúla. 

Tá trí Chumann ag plé leis an teanga agus reáchtálann siad imeachtaí éagsúla - seisiúin ceoil, drámaí agus ranganna ina measc: